Beidh deis ag daltaí na hArdteiste 2012 guth na bhfilí agus na n-údar eile atá ar an gcúrsa Gaeilge a chloisint ar Raidió na Life 106.4 FM sna seachtainí agus míosa amach romhainn. Sa chéad chlár den sraith nua seo, beidh cur síos ar an gcúrsa Gaeilge trí chéile. Leanfar idir seo agus saoire na Nollag le plé agus díospóireacht ag painéal múinteoirí ar ábhar an chúrsa litríochta. San athbhliain, beidh ocht gclár ag plé leis an mBéaltriail agus clár amháin ag cur treorach agus eolais ar fáil do dhaltaí ar an gCluastuiscint, Léamhthuiscint agus Ceapadóireacht. Is le cabhair ó chiste craoltóireachta Fuaim agus Fís de chuid Údarás Craolacháin na hÉireann a dhein an comhlucht léiriúchán Scéal Eile na cláracha seo do Raidió na Life 106.4FM.
Clár 17. Béaltriail. Cómhrá: Laethanta saoire, taisteal agus teangacha agus An Ghaeilge agus an Ghaeltacht. Múinteoir: Reuben Ó Conluain. Daltaí: Cath...
Clár 16. Béaltriail. Fáiltiú agus Sraith Pictiúr. Léamh na Filíochta: "An tEarrach Thiar" le Máirtín Ó Direáin. Cómhrá: "Na meáin chumarsáide agus an ...
Clár 14. Béaltriail. Fáiltiú agus Sraith Pictiúr. Léamh na Filíochta: "Mo Ghrása idir Lúibíní" le Nuala Ní Dhomhnaill. Cómhrá: "Caitheamh aimsire1: sp...
Clár 13. Béaltriail. Fáiltiú agus Sraith Pictiúr. Léamh na Filíochta: "Colscaradh" le Pádraig Mac Suibhne. Cómhrá: "An scoil agus cúrsaí oideachais". ...
Clár 12. Béaltriail. Fáiltiú agus Sraith Pictiúr. Léamh na Filíochta: "Géibheann" le Caitlín Maude. Cómhrá: "Cúlra agus Áit Chónaithe" agus "An Teaghl...
Clár 11. Painéal: Máiréad Ní Dhuchon agus Diarmaid Ó Tuama. "An Gnáth Rud" Gearrscéal le Deirdre Ní Grianna lonnaithe i mBéal Feirste. Cloisfear guth ...