Bhí Stáisiún Raidió na Bliana Raidió na Life, atá ag ceiliúradh 20 bliain ar an aer, ag craoladh trí chlár speisialta ón bPicnic Aibhléiseach sa tSráidbhaile i gCo. Laoise, agus féile na Picnice Aibhléisigh ag ceiliúradh an deichiú breithlá acu féin! Bhí an stáisiún raidió pobail ó Bhaile Átha Cliath ag craoladh ón Phuball Gaeilge i gceantar Mindfield na féile, le cláracha lán go béil le ceoltóirí, ealaíontóirí agus tuairiscí ó rudaí éagsúla a bhí ag titim amach ag an bhféile. Bhí Raidió na Life ag tarraingt aird ar an éagsúlacht agus ar an tallann ar leith a bhí le feiceáil sa Phuball Gaeilge agus chuir Muiris Ó Fiannachta, Ruth Ní Ghormáin agus Rob Vipond scoth an Phubaill i láthair ar Raidió na Life thar an deireadh seachtaine.
An léiritheoir teilifíse agus láithreoir an chláir raidió Splanc ar Newstalk Rónán Ó Muirthile ag cur síos ar an ndíospóireacht sa Phuball Gaeilge a d...
Tadhg agus Oisín Peelo Walsh ón mbanna ceoil 'Mo Hat Mo Gheansaí' agus iad díreach tar éis seit a dhéanamh sa Phuball Gaeilge ar cur síos ar na tionsc...
Stiúrthóir Ealaíne agus Príomhfheidhmeannach Fhéile Amharclannaíochta Bhaile Átha Cliath Willie White ag labhairt faoin méid a bhí ar stáitse sa phuba...
Mícheál Ó Domhnaill, tráchtaire spóirt TG4, ag labhairt faoin suíomh livetrad.com agus na himeachtaí sa Phuball Gaeilge a bhí á sruthú acu beo ar an i...
Darach Ó Tuairisg ón gcomhlacht puipéadóireachta agus amharclannaíochta Fíbín, ag cur síos ar a bhaint féin leis an bPuball Gaeilge agus an méid atá a...
Eagraí an Phubaill Ghaeilge agus an ceoltóir aitheanta Rossa Ó Snodaigh ag cur síos ar an phuball, an fhéile agus an téarmaíocht is fearr do Ghort na ...