Society & Culture
Cad as a tagann téarmaí nua i nGaeilge, labhraímid le Gearóid Ó Cléirchín (Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath) agus Donncha Ó Cróinín (Priomhthéarmeolaí, An Coiste Téarmaíochta). Tá anailís ar chúrsaí peile agus craobh ceannais na gclub le Brian Barry agus Seán Denvir ar an Spota Dubh agus cloisfimid ón gceoltóir Lauren Ní Chasaide. Críochnaíonn an clár le giota ó seisiún stiúideo leis an amhránaí Sive a thug cuairt ar stiúideo Raidió na Life an tseachtain seo.