News
Clár speisialta é seo d'Fhéile Bróid 2021 agus ceiliúradh de 300 clár de Fada is Fairsing! Ar an gclár tá agallamh speisialta le bunaitheoir an Queercal Comhrá Don Ó Donnacháin, duine a d'oibrigh go dian do phobal LADTA+ na Gaeilge agus a chaith blianta i mbun iriseoireachta timpeall na cruinne ón Éigipt, go dtí an Túnéis, go Libia agus an tSiria. Labhraíomar faoina chuid iriseoireachta, an staidéar a rinne sé i Nua Eabhrac agus sa Bhruiséil agus an obair atá idir lámha aige anois le Turas agus mar léachtóir iriseoireachta in Ollscoil na Ríona i mBéal Feirste. Chomh maith leis sin luaím roinnt imeachtaí atá ar siúl ar fud na cruinne do mhí Bróid agus roinnt grúpaí agus daoine iontacha a oibríonn ar son pobal LADTA+ na Gaeilge - An Queercal Comhrá, AerachAiteachGaelach, Gaylgeoirí agus ShoutOut san áireamh.